School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chaitheamar na slatacha ar thaobh an bhealaigh, agus suas linn fa na bartaigh d'amharc ar an móin a bhí i n-a croigeán ar na -oithireocha. Níor b'fada ann sinn go bh'facamar i bhfad uainn agus iad ag deánaimh orainn agus le luathas na gaothe ón Ruagaide, garbh anoir mas-as-samhail,leithéad de daoine beaga fá mhéid pháistí scoile. Nuair a' bháird bhórdaigh am dá chéad go leith uainn, ba lear go rabh siad uilig gleasta sna dathanna ceadna. Bearaid dhubha ar cuid aca, cotai dearga agus brístí bána ( ar dhuine anseo) ach bhí cotaí bána agus brístí dearga ar dhuine annseo 's ansiúd.
Bhí na cosa ag bogadaigh mar bheadh siad ag reathaigh, ach níor chuir cú nó corrfiadh ariamh an cadrán tairis comh tuigh tapaidh 'g chuaidh sias - san anonn bárr an Gleanna bháin, agus suas go loch a h-Iarain agus ar agaidh siar i dtreo na fairge gur cailleadh i ndoimhneacht croidhe an t-sléibhe iad bhí mis óg gan urchoid san am agus bhí mé ag braith a ghabhail i na ndiadh go bfeicfinn cá dtacachaidh siad; air bagradh orm agus pilleomar araon na bhaile go tostach gan bhreith an breach nó (-iarradh) iorraidh a tobairr air.
Bhí cogarnach agus crosadh - cinn idir na sean - daoine an aidhce. Bhí 'fhios ag ach aonduine nach(continues on next page)- Collector
- Doiminic Ó Ceallaigh
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- An Clochán Liath, Co. Donegal