Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chaitheamar na slatacha ar thaobh an bhealaigh, agus suas linn fa na bartaigh d'amharc ar an móin a bhí i n-a croigeán ar na -oithireocha. Níor b'fada ann sinn go bh'facamar i bhfad uainn agus iad ag deánaimh orainn agus le luathas na gaothe ón Ruagaide, garbh anoir mas-as-samhail,leithéad de daoine beaga fá mhéid pháistí scoile. Nuair a' bháird bhórdaigh am dá chéad go leith uainn, ba lear go rabh siad uilig gleasta sna dathanna ceadna. Bearaid dhubha ar cuid aca, cotai dearga agus brístí bána ( ar dhuine anseo) ach bhí cotaí bána agus brístí dearga ar dhuine annseo 's ansiúd.
Bhí na cosa ag bogadaigh mar bheadh siad ag reathaigh, ach níor chuir cú nó corrfiadh ariamh an cadrán tairis comh tuigh tapaidh 'g chuaidh sias - san anonn bárr an Gleanna bháin, agus suas go loch a h-Iarain agus ar agaidh siar i dtreo na fairge gur cailleadh i ndoimhneacht croidhe an t-sléibhe iad bhí mis óg gan urchoid san am agus bhí mé ag braith a ghabhail i na ndiadh go bfeicfinn cá dtacachaidh siad; air bagradh orm agus pilleomar araon na bhaile go tostach gan bhreith an breach nó (-iarradh) iorraidh a tobairr air.
Bhí cogarnach agus crosadh - cinn idir na sean - daoine an aidhce. Bhí 'fhios ag ach aonduine nach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Doiminic Ó Ceallaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall