School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
An Clochán Liath, Co. Donegal
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 35

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 35

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Page 35
  3. XML “An Gasúr Gaelach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    carrfhiadh an lá sin agus bhí bruadair ‘na shuidhe ar an chathaoir shúgáin agus é ag léagheadh páipéir an lae.
    Fá dheireadh sgairt bruadair amach go raibh rud iontach sa pháipéar. D’iarr an bheirt eile air é léigheamh amach daobhtha, agús léigh sé é. Fógra a bhí ann a chuir an rí amach ‘gha rádh go dtabhairfeadh sé a nighean le pósadh do fhear ar bith a troidfheadh “bulaidhe” millteanach a bhí aige, ach muna mbaineadh sé go gcuirfhidhe a cheann ar spíce ag geafta an chaisleain.
    “B’amaideach an fear a d’fhiachadh lé sin a dheánamh” arsa Carán, “agus a cheann a chur i nguais ar mhaithe lé cailín ar bith”. “Bhall tá m’intinn deánta suas agamsa lé fiachailt leis an bhulaidhe a throid, agus ingean an rí fhaghail lé pósadh” arsa bruadar do bharamhail a daibhidh an racaidh liom.
    “Ó” Ní fhios agam” arsa daibhidh “b’fhéidir go mbainfeá agus b’fhéidir nach mbainfeá. Ach dá nglacthá mó chomairle sa d’fhanfá san áit a bhfhuil tú nuair atá doigh dheas ort agus gan dadaidh lé deánamh agat a’s gan thú fhéin a chur agus ndáinsear ar mhaithe lé nighin an ríogh, bhíod sí doigheamhail na míofar”.
    Chaith an t-athair tamhaill maith ag iarraidh ar a mhac ciall a bheith aige, agus gur b’iomda cailín doigheamhail ar an oileán ní hamháin nighean an ríogh. Ach bhí a chainnt ag dul le sruth, bhí bruadar neamh-thionntuighthe. Nuair a chonnaic an t-athair nach rabh gar ann, arsa seisean.
    “D’iarr tú comhairle, agus fuair tú comhairle, agus nuair nach ghlach tú í tá dó c omhairle fhéin i gcomhnuidhe agat. Tá’n t-am ciall a bheith agat fhéin anois”.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Informant
    Domhnall Ó Dochartaigh
    Gender
    Male
    Age
    41
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Mín Doire Thoirc, Co. Donegal