School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)carrfhiadh an lá sin agus bhí bruadair ‘na shuidhe ar an chathaoir shúgáin agus é ag léagheadh páipéir an lae.
Fá dheireadh sgairt bruadair amach go raibh rud iontach sa pháipéar. D’iarr an bheirt eile air é léigheamh amach daobhtha, agús léigh sé é. Fógra a bhí ann a chuir an rí amach ‘gha rádh go dtabhairfeadh sé a nighean le pósadh do fhear ar bith a troidfheadh “bulaidhe” millteanach a bhí aige, ach muna mbaineadh sé go gcuirfhidhe a cheann ar spíce ag geafta an chaisleain.
“B’amaideach an fear a d’fhiachadh lé sin a dheánamh” arsa Carán, “agus a cheann a chur i nguais ar mhaithe lé cailín ar bith”. “Bhall tá m’intinn deánta suas agamsa lé fiachailt leis an bhulaidhe a throid, agus ingean an rí fhaghail lé pósadh” arsa bruadar do bharamhail a daibhidh an racaidh liom.
“Ó” Ní fhios agam” arsa daibhidh “b’fhéidir go mbainfeá agus b’fhéidir nach mbainfeá. Ach dá nglacthá mó chomairle sa d’fhanfá san áit a bhfhuil tú nuair atá doigh dheas ort agus gan dadaidh lé deánamh agat a’s gan thú fhéin a chur agus ndáinsear ar mhaithe lé nighin an ríogh, bhíod sí doigheamhail na míofar”.
Chaith an t-athair tamhaill maith ag iarraidh ar a mhac ciall a bheith aige, agus gur b’iomda cailín doigheamhail ar an oileán ní hamháin nighean an ríogh. Ach bhí a chainnt ag dul le sruth, bhí bruadar neamh-thionntuighthe. Nuair a chonnaic an t-athair nach rabh gar ann, arsa seisean.
“D’iarr tú comhairle, agus fuair tú comhairle, agus nuair nach ghlach tú í tá dó c omhairle fhéin i gcomhnuidhe agat. Tá’n t-am ciall a bheith agat fhéin anois”.(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Informant
- Domhnall Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mín Doire Thoirc, Co. Dhún na nGall