Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochán Liath (Dungloe)
- XML Leathanach 42
- XML “Scéal fá Dhónall Ó Conaill - Féasta an Rí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Rinne Ríogh na sasana réidh feasta a bfad o shoin. Thug sé cuireadh do Dhomhnall Ó Conaill agus morán daoine eile. Nuair a leagadh isteach an tabhla, agus cuireadh na cupaí air, tug an ghiorsach seirbhiseach fa dear go rabh nimh i gcupa Domhnall agus sé an rud a dubhairt sí.“A Dhomhnall uí Conaill an dtuigeann tú gaedilg”
“Tuigim a chailín caidé sin is lear duit”
“Tá rud in do cupa a mairbhfeadh na ceadtaí”
“Ma tá sin a chailín geobhaidh tusa na ceadtaí”.
Chuir sé a lámh ina phóca, agus chaith lán a dhiurn d’airgead gheal siar faoi’n tábla. Thug acan dhuine grab ar an airgead. Nuair a bhí siad uilig ag cruinnuí an airgid, ní thearn Domhnall ach a chupa fhéin a chuir i n-áit cupa an Ríogh. Shuidh siad uilig síos ina n-áiteanna arís. D’ith siad agus d’ól siad a saith, agus go díreach nuair a bhí an feasta cor a bheith thart, thuit an Ríogh i n-áit na mbonn. Agus ní rabh fios ag duine ar bith ach duine amháin cáidé thug a bhais ba sin Domhnall O Chonall.- Faisnéiseoir
- Gráinne Bean Mhic Cnáimhsighe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 36
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Clochán Liath, Co. Donegal