School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a bhí siad cupla uair ag troid, bhí an “bulaidhe” ag fhaghail lámh-an-uachtar ar Daibhídh. Smaoitigh Daibhídh leis fhéin gur bhocht an rud da mba annseo a bhéadh fód a bháis, indiaidh a dteachaidh sé fríd. Ghlac sé misneach agus thug sé buille feargach, nimhneach, lé na chlaidheamh, chruaidh, claisleathan faoi’n bhulaidhe, gur bhain an ceann de.
Gháir na daoine a bhí ag amarc orra le luthghair gur marbadh an bulaidhe, agus ag moladh Daibhídh. Ach go h-áiréid ghair nighean an ríogh, na ó thoiseach na troda, bhí sí amuigh go dtí a guailneacha i bhfhuinneog a seómra, ag coimheadh ar an bhéirt, agus ag cur a beannacht (ma bhí ceann ar bith aicí) lé Daibhídh buaidh fhaghail.
Rith sí anuas an staighre ‘méid a bhí ina corp, agus amach na faithche leithe, go dtabhairfeadh sí ollghárdas do’n laoch a bhain, ach ní rabh sé lé fághail.
Nuair a bhain Daibhídh an cheann de’n bhulaidhe ‘sé an chead rud a rinne sé, a chapall fhaghail, ceann an bhulaidhe thabhairt leis, balla an chaisleán a ghlanadh agus as go brath leis na bhaile. Nuair a sroich sé an baile bhí feasta mór ar shiubhal ag Carán mar gheall ar go dtainic a mhac slán na bhaile. Ach nuair a tháinic Daibhídh agus ceann an “Bulaidhe” leis bhí a thrí oiread luthgháire ar achan nduine, agus iontais fosta.(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Informant
- Domhnall Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mín Doire Thoirc, Co. Donegal