School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
![The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 81](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1062%2FCBES_1062_81.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 81
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thuas ar bhárr crann, agus an bhean óg 'na seasamh ag an gheaftea.
Nuair a chuaidh an diulach óg un tosuigh go mbainfeadh sé
mionna-an-leabhair, gurbh'é e fhéin a rinne an gníomh séo.Ní rabh a bhfad go dtáinig an fatach 'un
tosuigh, agus chuaidh an talaimh ar crith. Spreadh ort a mharla as
Loch Bearra, teacht annseo a chuir comhraic orm-sa, no ar mo
chuid dearbhrathach. Chuaidh sé fhéin agus fear Loch Bearra le
céile, go dtí go dtearn siad bagán de'n cruadhtan, agus cruadhtan
de'n bagán agus bhain sé an ceann de'n fathach, caidé sin adeir nighean
an Rí. Níl gar annseo adeir fear loch bearra, nuar a thiocfas
an fear atá i mbárr an crainn anuas, deirfidh sé gubh'e é fhéin
a rinne an gníomh seo. D'imthigh sé leis annsin a sheilg, agus an
beathach a rachadh san aer bheirfeadh seabhaic air, agus an beathach a
racadh ar talamh bheifeadh capall air. Ach nuar a tháinig am luighe
chuaidh fear an toighe amach agus níor mhothuigh sé ach an bhuithre
amháin dar mo cuise ar seisean ní chluinim ach an Buithre amháin
anocht, caithfidh sé gur mharbh an gaisgideach óg seo an fathach.Maidín lá thar na barach d'éirigh sé mar a
gceadhna, chuaidh suas an bealach mór, a bhí an diúlach og ag gabhail
suas roimhe, agus an chailín óg leis. Nuair a tháinig sé fhad leis
an geafta, chuaidh sé suas i gcrann, agus d'fág an bhean óg ag an
gheafta. Chuimhnigh m'anam ort arsa fear loch bearra, nuair a
thiocfas an fear (atá) atá i mbárr an chrainn anuas, bhearfudh sé
mionna-agus-móid, grubh'e é fhéin a rinne an gníomh seo.
Chuaidh an talaimh ar crith faobhtha nuair a tháinig an fathoch chuaidh
an bheirt le chéile go dtí go dtearn siad bogán den(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Informant
- Domhnall Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 83
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mín Doire Thoirc, Co. Donegal