School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sasamh aigeasan ar a shon.D'imthigh sé leis annsin a gunna ar
a ghualainn, a chú lé na chois, agus a chlaidheamh lé na thaobh
agus níor stad sé go rabh sé ag an t-seanduine, chraith an
seandhuine laimh, leis a gus chuir ceist air caidé choinnigh amhuigh
é, o pósadh é. Bhí fhíos aigeasan annsin go rabh fhíos ag an
seanduine rud ([?]) éiginteacht fa dtaobh do. D'fan sé ag an
t-seanduine go maidín ag cainnt agus ag comhradh fan chaisleán. Ar
maidín d'imthigh sé un an chaisleán agus craitheadh lámh leis, agus
ceist air, air mharbhuigh sé an gearrfhiadh, dubhairt sé gur
mharbhuigh ag gabhail a luighe (a luighe) an oidhche sin daobhtha ghearr
sé an claidheamh idir é féin agus an cháilín, ar maidín tháinig
an gearrfiadh go dtí an fhuinneog agus chonnaic an chailín é. Sgairt
sí leis, agus dubhairt go rabh an ghearrfiadh ag an fhuinneóg indiú
arís. D'imhigh sé leis indiaidh an ghearrfiadh, anonn 'gus anall
síos, suas, go dtí gur fosgail tom agus isteach leobhtha
go léir, nuair a chuaidh siad faoi an talaimh, ní rabh a
gach le feiceall aige, ach sruthain fola ag gabhail síos
an t-urlár, an áit a bhain an cú greim as a ghearrfhiadh.
Chuir sé ceist uirthí an dtiocfadh leis a chuid eachraidhe a
cheangail. Thug sí na trí ríbhiní do, agus cheanghail
sé na h-eachraidhe.Nauir a bhí siad ceangailte aige
thoisigh sí a chuir comroic air. Chuaidh an bheirt le ceile,
nuair a bhí ag éirghe chruaidh air, sgairt sé. Cuidigh
cuidigh eachraidhe ar sesean, agus bainfidh mise an ceann(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Informant
- Domhnall Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 83
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mín Doire Thoirc, Co. Donegal