School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dubhairt an chailín gur sin an (fad)[?] fhear a shabhail shise, nuair
a chuaidh an fear eile sa chrann agus d'fág shise ag na fathaigh,
agus gur mharbh sé na fathaigh. Dubhairt an Rí annsin goidé
ba cheart a deánamh leis an fhear a rinne sin, agus dubhairt fear
Loch Bearra é chaitheamh amach, agus gan níos 's mó a bheith dó. Phosadh annsin i fhéin agus fear loch
Bearra. Maidín lá thar na bharach, tháinig gearrfhiadh go dtí'n
fhuinneog, agus múin ar bhun na fuinneoige, léim sé ina
sheasamh, thug leis a ghunna, agus a chú. D0imthigh an cú indiaidh
an ghearrfiadh, agus cisean na dhiaidh sin, sheild siad anonn, anall, síos
agus suas, go dtáinig siad fhad le tom, d'fosgail an tom, agus shlug
sí an ghearrfiadh agus cú agus eisean nuair a tháinig sé fhad
leis. Nuair a chuaidh siad síos faoi an talaimh ní rabh a
gach le feiceail, aca a sean cailleach na suidhe sa choirnéal d'iarr
sé giota rópa uirthí le iad a cheanghal go rabh sé tuirseach.
Thug sí trí ríbíní do, agus cheanghal sé iad, annsin thoisigh
sí a chur comhraic (ag) air, chuaidh an bheirt (be) le cheile, nuair
a bhí ag éirigh tróm ar dónn, dhubhairt sé "cuidigh, cuidigh eachraidhe"
"teann teann ai ríbíní" arsa sise, agus mharbh sí donn. Dubhairt sé
leis a dhearbhrathair goi rabh binn an agus tobar uachtar meala, agus
iochtar fuil, agus nuair a geobhad seisean bás go mbéadh iochtar meala
agus uachtar fuil, chuaidh an dearbhrathair fhadh leis an tobar gach
lá, agus an lá sheo phill sé na bhaile go buadhardtha, brónach
agus d'innis sé an sgéal do na athair, go rabh a dearbhrathair
marb dubhairt an dearbhrathair eile go nach gcodlochadh sé dá oidhche
i dteach go bhfuigheadh sé amhach ce mharbhuigh é, agus go mbéadh(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Informant
- Domhnall Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 83
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mín Doire Thoirc, Co. Donegal