Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Go mbeannuigh an Rí agus mise annseo.
Colm-cille, Eoin Baiste, Chruadal agus Conall.
Fuigheall no droigheall, nó easarlaidheacht sidhe.
Nar thigidh ar bhunadh an toighe seo.
Is liomsa tá na trí gartha is fearr san tir
Na gartha guidhe, na gartha páidreacha, agus na gartha beannachtaí.
Le bhur dtubaistí go léir a chur ar bhórd na mhbocht.
ar an leic sin donnchaidh ag tobar Bhrighdhe.
An áit a mbíonn an chrann - críonn ar maidín agus úr ghlás trathnóna.
Ag toigh Philip Uí Fhloinn, ag toigh Struille an Chabairt cham.
Ag toigh mhór ní h-ódhráin, aníos o charraigh an mhunlaigh.
Leis an athcuinge agus leis an impidhe.
Is iomdha cinéal bacaigh ann ach ní daobhtha sin mise.
Bhí rogairí ann, agus broghairí ann, bhí stopairí ann.
Bhí mangairí ann, agus stangairí ann,
go sabailidh dia sibh ar mhuir agus ar tír.
Éirigh suas a bhean a toighe ag nar cruaididh an diabhail do croidhe.
Agus nar thugaidh an donac, no an deamhan.
No an stiocair no an phiarcais uait-sé fhear a toighe
Mar thóg an t-iolar an t-éan a bfad o shoin, o’n chirc bhuidhe.
Nar thuitidh sé a choidhche i ndíogaidh no i ngríosaigh.
I mbealach no i slíghe, no dá mbítheá do bhaintreabhaigh ní beadh i bhfad.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Doiminic Ó Ceallaigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Gaoithín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bearna na Gaoithe, Co. Donegal