School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tháinic fear beag as bárr Ghaoth Bearra anuas go Rann na Feirsde a cuartughadh mná agus fuair sé sin.
Ins an am sin bhí na corra iongantach fairsing ins an tráigh. Chuaidh ceathrar de theaghlach an toighe amach an oidhche sin agus i gcionn tamaill tháinic siad arais agus péire cliabh leo lán corr.
Bhí scaifte fear leis an fhear a bhí ar lorg na mná agus bhí céig biotailte leo. Dubhairt fear de na fir go raibh an t-am crúth a ainmniughadh don lánamháin. Dubhairt fear an toighe nach raibh crúth ar bith le fághail uadh-san ach más a iarraidh mná a tháinic said go bhfuigheadh siad sin agus míle fáilte.
"Caidé mar bhéas sin?" ars' an fear a labhair.
"Tá mórán spré ag an fear seo. Tá cúig ba déag agus tarbh agus searrach capaill ar sliabh aige."(continues on next page)- Collector
- Sorcha Anna Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Address
- Doire na Mainséar, Co. Donegal
- Informant
- Niall Ó Domhnaill
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Address
- Doire na Mainséar, Co. Donegal