School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Ní maith ar bith do dhuine ar bith eile, caidé atá ar sliabh aige," arsa fear an toighe. "Níl bólacht ar bith agam-sa ach cúpla bó ins an bhóitheach le braon bainne a fhághail a ólas muid leis an bhrachán agus bealthadh ime le cur ar ar gcuid aráin. Ach tá neart annlain ins an tráigh ag bun na páirce againn, agus tá neart leas ag fás anns an chladach againn fá choinne ar gcuid preataí a leasughadh. Ar an adhbhar sin," ar seisean, "ní; bólacht ar bith le fághail uaim-se."
Thaitin an bhean leis an fhear óg agus ní imtheóchadh sé gan í. Pósadh iad ar maidin lá thar na bhárach agus chaith siad bainfheis mhór fhada.
Ba é an chiall a bhí ag fear Ghaoth Bearra go raibh sé féin iongantach deágh chainnteach. D'éirigh sé ar maidin agus fuair sé a bhricfeasta. D'ith sé a sháith de na corra agus annsin tharraing sé amach a phíopa. Bhí an tsean-bhean ag déanamh oibre an toighe. Shuidh an fear ins an choirneal agus rinn an bheirt aca an rann seo. An fear:
Tobac indiaidh bídh
As ar bhean a' toigh' sin(continues on next page)- Collector
- Sorcha Anna Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Address
- Doire na Mainséar, Co. Donegal
- Informant
- Niall Ó Domhnaill
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Address
- Doire na Mainséar, Co. Donegal