School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 69

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 69

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 69
  3. XML “Scarann Bochtaineacht Cuideachta Mhaith ó Chéile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chaith sé cúig bliadna déag sa Geármáin agus níor chuir sé cunntas ar bith ‘n-a bhaile ar feadh an ama a bhí sé ar shiubhal.
    Lá amháin smaointigh sé go mbainfeadh sé an baile amach agus sul ar fhág sé an Gheármáin Cheannuigh sé scáth-fearthanna agus ní raibh siad coitcheanta i san am sin. Tháinic sé i dtír a mBéal Feirsde arais agus shiubhal leis ag tarraingt ar an bhaile.
    Nuair a tháinic sé fad leis an scoil d’aithin sé í, agus smaointigh sé ar na laethe aoibhneacha, laethe a óige, a chaith sé fhéin agus inghean an duine uasail ag comrádaidheacht ‘n-a scoile. Gaibh (casadh) triúr ban air agus dubhairt bean aca go raibh sé cosamhail le stráinsear.
    “Stráinsear mór go leor”, ar’ seisean, ná tá sé ocht mbliadna déag ó bhí mé an bealach seo a roimhe. Tá mé ag tarraingt ar a leithid seo de teach má tá a’n dhuine romham”.
    “Tá” ar’ sise, “tá an garrandóir agus a bhean ag congbhailt loisteóiri mar bá ghnáthach. Tá muid-ne ag tarraingt ‘n-a dála mar tá
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Bhaoighill
    Gender
    Female
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal
    Informant
    Mícheal Ó Baoighill
    Gender
    Male
    Age
    38
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal