School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Lasadh solas agus chuaidh an bheirt aca ‘un t-seomra. Níor leig seisean a aithne fhad le ‘n-a mháthair Rith an ama ach dá luathas agus chonnaic inghean an duine uasail é d’aithin sí e. D’aithin seisean ise mar an gceadna agus shnaidhm an bheirt aca ann a cheile. D’aithin an mháthair annsin gur a mac fhéin a bhí ann agus bhí lúthghar mhór uirrí roimhe.
Tá” mise le pósadh amarach”, arsa inghean an duine uasail, “agus anois caidé mar chuirfeas an fear atá luaidhte liom ar nshiubhal?
“Tá”, ar’ seisean, “nuair a bhéas tábla an t-suipeara ‘n-a shuidhe istigh agus an chuideachta uilig cruinn thart abair leobhtha gur cheannuigh tú bocsa fá choinne éadaigh tá tamalt maith ó shoin, go raibh glas agus eochair air gur chaill tú an eochair agus gur cheannuigh tú ceann [ur]?, agus go bhfuair tú an t-sean-eochair araist. Agus cuir ann a lathair cé aca ceann a chongbhochas tú. Má abrann siad an t-sean-eochair cuir thusa ar shiubhal an fear úr(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Mícheal Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 38
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal