School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus pósaidh mise thú amarach”.
“Maith go leor” ar’ sise.
Rinn sise mar h-iarradh uirri agus nuair a chuir sí ann a láthair fá na h-eochracha dubhairt siad uilig as béal a cheile gur b’é an t-sean-eochair a ba’ cheart a chongbhailt.
D’innis sise annsin go dtáinic an fear a bhí i ngrádh leithe ‘na bhaile agus go gcaithfeadh an fear úr imtheacht. Pósadh inghean an duine uasail agus mac an garrandóra an lá-thar-na-bharach agus bhí bainfeis aca a mair naoi n-oidhche agus naoi lá agus chár bh’fhearr an chead lá ná an deireannach. Thuit siad isteach i n-iomlán sháidhbhris an duine uasail agus bhí dóigh bhreagh ortha fhad as mair siad.- Collector
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Mícheal Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 38
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal