School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 52
- XML “Scéal an Ghasúra Bhig”
- XML “Scéal Fathaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leis an eallach.
Ní rabh fhios aige annsin goidé bhí le déanamh aige. Bhéadh ocras air achan uile lá mar ní thabharfadh an leas-mháthair an ghreim dó. Bhí tarbh beag ag siubhal leis an eallach. Lá amháin thainic an tarbh beag fhad leis an ghasúr agus d'iarr sé air amharc i na chluais dheis, a lámh a chur isteach agus an brat a bhí istigh innti a thabhairt amach. Rinn sé sin agus spréidh sé ar an talamh an brat. Tháinic gach uile cineal bídh a thiocfaidh ainmniughadh mar bhuailfeá do dhá bhois ar a chéile. Ó'n lá sin go dtí an lá indiu thiocadh an tarbh beag go dtí a gasúr a=gus bheireadh sé an brat dó agus bhí dóigh bhreágh ar an ghasúr ó sin amach. - Bhí fear agus bean ann fad ó shoin agus bhí triúr mac acu. Lá amháin d'imthigh na mic a chuartughadh fastóidh. Chuaidh siad giota fada agus ins an deireadh casadh fear ortha. Chuir sé ceist ortha cá rabh siad ag gabhail. D'innis siad dó. Dubhairt sé le fear acu go dtabharfadh sé deich bpunnta agus culaith éadaigh dó agus go ndéanfadh sé an fear gunna de a b'hfearr a bhí ag gabhail an bealach. Bhí an stócach(continues on next page)
- Informant
- Anna Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Age
- 38
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal