Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 127
- XML “An Droch-Leasmháthair”
- XML “An Bhean a Bhí le Pósadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)iad agus bhí dóigh mhaith ortha ó'n lá sin go dtí an lá indiu.
- Bhí bean ann uair agus bhí trúir fear le faghail aici le pósadh. Bhí cuid mhór airgid agus talaimh aici. Bhí an chead fhear na bhúistear; bhí an dara fear na ghréadaidhe agus mac feirmeóra a bhí ins an tríomhadh fear. Ní rabh fhios aici cé acu dé'n trúir a ghlacadh sí agus bhí sí i ndroch-arán. Smaoitigh sí ar chleas oidhche agus í na luighe ar a leabaidh. Chuir sí uirthi éideadh mná boichte agus chuaidh sí i mbráig-riocht mná boichte. D'imthigh sí léithe a chruinniughadh déirce.
Chuaidh sí an chead oidhche go teach an bhúisteara ach ní ró-shásta a bhí bean an toighe lóistín na h-oidhche a thabhairt díthe. Fá dheireadh indiaidh mórán cainnte leideadh isteach í. Nuair a thainic an búistéar isteach chuir sé ceist ar a mháthair cad chuige ar leig sí isteach an sean-rud sin agus bhí sé fá choinne an bhean bhocht a chaitheamh amach ar an chnoc. D'iarr an mháthair air(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Anagaire, Co. Donegal