Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ball Dearg Ó DomhnaillBhí bean ann fad ó shoin agus bhí leanbh aici darbh ainm Ball Dearg Ó Domhnaill. Thainic na saighdiúirí lá amháin go dtí an teach fá choinne na daoine a bhí sa teach a mharbhadh. Ní rabh fhios ag bean a' toighe caidé a dhéanfadh sí. Las sí coinneal agus bhí si ag gabháíl thart ar an choinnil. Shíl na saighdiúirí gur daoine a bhí sa teach agus nach rabh siad láidir go leor le iad a mharbhadh.
D'imthigh na saighdiúirí lá choinne tuilleadh cuididh agus nuair a fuiar an bhean ar shiubhal iad d'imthigh sí agus d'fhág sí an leanbh istigh leis féin. Nuair a phill na saighdiúirí ní rabh duine san teach ach an leanbh. Chuaidh na saighdiúirí isteach 'un toighe agus d'iarr an t-oifigeach ortha an leanbh a mharbhadh. Chuaidh fear acu go dtí an cliabhan agus nuair a thoisigh an leanbh a gháiridhe leis, ní leigfeadh a croidhe dó an leanbh a mharbhadh. Chuaidh an t-oifigeach suad annsin ach rinn an leanbh gáire agus ní raibh uchtach aige a mharbhadh. Annsin thug sé leis an leanbh go Sasain.
Bhí beirt ghásúr ag an oifigeach agus bhí siad go h-iongantach mhaith do Bhall Deard. Shíl siad gur a ndearbhbhrathar féin a bhí ann. bhí siad oidhche amháin amuigh ag déanamh cuideachta agus dubhairt fear acu go gcaithfeadh gach duine acu athchuinge a iarraidh. D'iarr an fear a ba sine an chead...(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 43
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal