School: Dún Lúithche (roll number 16423)
- Location:
- Dunlewy, Co. Donegal
- Teacher: Séamas Mac Giollabhrighde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dún Lúithche
- XML Page 224
- XML “Taiscí Eile”
- XML “Dhá Keg Poitín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Taisgidh eile
Tá saidhbhreas eile curtha i mbaile dhúin a lúithche agus deirtear gur i n-ailt na caillighe atá sé fóduigthe.
Deirtear go bhfuil an saidhbhreas seo an-sean agus gur ór uilig atá ann:
Ba é na lochlannaigh a ba cheart an taisgidh seo a chur sa talamh agus seo mar gheobfar an tuairisc uadh na daoiní go fóill.
“Tá lán croiceann searraigh d’ór curtha i n-ailt na caillige”
Ins an t.samhradh bíonn sreangan caol toité ag éirge suas díreach sa spéir ins an alt seo, agus mhothuigh mé an bharamhail go minic “ gur bféidir gur seo an áit a rabh an t,ór ‘na chodladh.- Collector
- Séumas Mac Giolla Bhríghde
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Dhá Keg Poitín
Ba gnáthach leobhtha poitín a dhéanad annseo fad ó agus ba ghnátach an tóir a bheith indiaid go minic. Tháinig an ruaig ar stilleoir am amháin. Amach leis agus an dá keg leis faoi na dhá ascaill. Bhí an t-ualach trom agus mheas sé gur bfearr do iad a chur a bfolach. Tháinig sé fhad le poll uisge agus chaith sé amach an da asglann agus chuir meadhchain orthu i mbruach an phoill. Bhí dhá ghabhar ag ingilt ar bhruach an phoil agus bhí an stilleoir bocht comh soinneanta gur shaoil sé go mbeadh na gabhair mar comhartha aige ar an áit folaighe nuair a phillfeadh sé aríst le seilbh a ghlacadh orthu. Acht faraor! Nuair a thoisig an cuartúghadh bhí na gabhair imtighthe agus tá an biotailte sin i “mbond” ó shoin.