School: Bun an Inbhir (roll number 5166)
- Location:
- Bun an Inbhir, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Pháidín
![The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 79](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1066%2FCBES_1066_79.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 79
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Bun an Inbhir
- XML Page 79
- XML “Urnaíocha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ins an lá. Casadh ortha Naomh Síomann beannuigh Pearsa ins an ród. Shín sé dobhtha scabal breagh na mbrainnsí óir. Níl aon duine dá niomprachaidh mó scabal mur is cóir nach mbeidh séala agam ar a anam ins an Ghlóir.
Mhathair na gcille, agus a mhathar na Glóire. Is leat a ghníom mó chasaoide maidin, agus tráthnóna, lé mó chur ar an eolas go Pobal na h-aithrigh an áit a siltear na deora. A bhanriogháin mhomhail mhaiseamhail. Is tú mó lón, is tú mó rud thaisgí. Le dhul romham ins na peacaidh, le mé a chur ar an eolas, le tóir a chur ar an pheacadh, A Íosa Thrócaireach. Sean urnaigh 24-1-38
Síntear mé ins an leabaidh, mar shíntear mé ins an uaigh, ag iarraidh toradh, agus brigh na sacramaoide beannuigh. Rucht Mhuire, agus a ghradh Dé, Guidhim Dia mar athair agam. Guidhim Muire mar mhathair agam. Guidhim Flaithis mar dhuithche agam mar lón siorruidhe ag mó anam, an ainm an Athair le buaidh, sa mhic a d'fhulaing an phian. Muire, agus a Mac go raibh liom ar mó thriall. Muire cas damh(continues on next page)- Informant
- Eibhlín Ní Chuireáin
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Address
- Bun an Inbhir, Co. Donegal