School: Bun an Inbhir (roll number 5166)

Location:
Bun an Inbhir, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Pháidín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 87

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 87

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bun an Inbhir
  2. XML Page 87
  3. XML “Ball Dearg Ó Domhnaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus triúr mac agam agus tá an duine is óige anois ar an aois a fhóirfeas de'n leanbh seo theacht ina dhiaidh. Ní bhéidh fhios ag aon dhuine acht muid fhéin agus mo bhean-sa caidé mar bhéidheas an sgéal."
    Bhí go maith agus ní rabh go h-olc, d'fhás na páistí suas i gCaislean Uí Dhomhnaill agus shíl siad gur aon teaghlach amháin, acht aon dhuine comh maith leis an duine eile. Oidhche amháin nuair a bhí an fóghmhar bainte agus na páistí ag deánamh folachain na gcruach 'san ghárradh, luigh siad siar ar an chlaidhe a' dheánamh a scríste. Bhí oidhche áluinn réaltógach ann agus arsa an mac a ba sine, "mo thruagh gan capall agus searrach agam ós cóinne gach reult 'san spéir." Arsa an dara fear, "mo thruagh gan bó is gamhain agam os coinne 'acha'n reult 'san spéir." "Maise, arsa an treas fear, "dá mbeadh caora agus uan agam-sa ós coinne 'acha'n reult 'san spéir. Ach níor bhog béal an cheathramhadh fear agus fá dheireadh dubhairt duine aca leis, "Caidé a deirfeá thusa dá mbeadh caint agat." "Ó", arsa'n fear óg, "nuair a éireochas mise mór, caithfidh mé mo chuid a shaothrughadh, ní thabharfaidh aon dhuine a dhath domh agus caidé an mhaith a bhéadh agam ag iarraidh athchuinge nach bhfágham." Nuair a chuaigh siad 'un toighe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish