Scoil: Bun an Inbhir (uimhir rolla 5166)

Suíomh:
Bun an Inbhir, Co. Donegal
Múinteoir:
Eoghan Mac Pháidín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 88

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 88

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Bun an Inbhir
  2. XML Leathanach 88
  3. XML “Ball Dearg Ó Domhnaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    d’innis an fear a ba [sinoe]? fá na ngreann is a gcomhrádh agus mar go rabh sium mhór ‘a chuir ag an t-oifeagach agus a bhean caidé mar thiocfadh an duine b’óige ar agaidh, d’iarr siad ar chead mhac, an dara uair a bhéadh siad amuigh, cuir cruaidh air le freaghar a thabhairt, caide b’ail leis ós coinne ‘acha’n result ‘san spéir. Agus nuair a tharluigh siad amuigh airís, ‘sé an freaghar a thug an ceathramhadh páiste, “Mo thruagh gan saighdúir faoí arm is éididh agam-sa ós coinne ‘acha’n result ‘san spéir”. Níor thaithnigh sin leis (na) an t-sean - phéire agus dubhairt an bhean le na céile go rabh eagla uirthí go rabh siad ag tógail písín pluicíneach (Owen og’s words). “Cuir ‘un báis é agus bí réidh leis, arsa sise. “Má chrochann muid é, sílfidh an trúir eile gur chroch muid a ndeárbhráthair”. “Má (mhar) bháitheann muid é, sílfidh siad mar an gceádna”.
    “Acht innseochaidh me duit caidé dheánfaidh muid. Tá deárbhráthair agan-sa go h-árd i mBaile-Átha-Cliath. Cuirfidh mé an buachaill annsair agus litir leis le ‘na chuir ‘un báis. Agus nuair a fhiafrochas ar mic fhéin, cá bhfuil a ndeárbhráthair, deirfidh muid go bhfuil sé ag foghluim saigdúiracht ag a uncal i mBaile-Átha-Cliath”.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge