School: Doire Beag (B.)

Location:
Doirí Beaga, Co. Donegal
Teacher:
Liam Mac Giolla Chomhghaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1067, Page 53

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1067, Page 53

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Beag (B.)
  2. XML Page 53
  3. XML “Leitir Mhic an Bhaird”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    “é féin a mhuineal buidhe a chur isteach ins an dul seo” leig sé ar shiubhal Mac a’ Bháird. Tháinig fear anall as Sasain fa choinne dóigh a chur ar phlainc a bhí taobh amuigh de’n teach. Chuir sé isteach tor agus chuir sé geall nach dtarraingeochadh an fhear i n-Éireiann an tor.
    Bhí Ó Domhnaill brónach nuair a shíl sé go rabh Mach a’ Bháird crochta. D’iarr sé ar an chailín fear bocht ar bith a thiocfadh go dtí an doras, é innse dó - san. Lá amháin tháinig fear go dtí an doras is bhí fhios aige ca rabh Mac a’ Bháird. D’imtigh an cailín suas chuig Ó Domhnaill agus d’innis dó go rabh fear ag an doras agus go rabh fhios aige ca rabh Mach a’ Bháird. Chuaidh Ó Domhnaill go dtí an doras. D’fhiafruigh Ó Domhnaill dó ca rabh Mach a’ Bháird. D’iarr an fear bocht air an teachtaireacht a sgríobhadh go bhfeicfeadh Mach a’ Bháird é.
    “Mise tá annseo” arsa Mach a’ Bháird. Bhain sé dó an cóta mór. Ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Droichead an Choitinn, Co. Donegal
    Collector
    Seán Ó Baoighill
    Gender
    Male
    Informant
    Oileafar Ó Gallchobhair
    Gender
    Male