School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 159
- XML “Bean an Ghréasáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bean an ghréasáin Bhí bean lá ag sníomh sa chistin nuair a tháinig bean sidhe isteach chuicí. Bhí an bhean gnoitheach ag déanamh ball éigin agus thug an bhean sidhe gréasan dí agus dubhairt léithe, culaith éadaigh fir a dhéanamh as agus gan a dhath do’n ghréasán bheith fágtha acht sa n-am cheadhna gan í bheith gann ann. Dubhairt sí léithe an culaith bheith déanta réidh aicí roimh lá Nodhlag agus go dtiocfadh sí féin fa na chionne nuair bhéadh an t-am ann. Bhí an bhean bhocht i gcruadhchás do bhí fhios aicí go maith nar bh’féidir dí an chulaith dhéanamh gan giotaí beaga bheith fágtha. Annsin smaointigh sí ar chailleach na gcearc chuaidh sí chuicí agus d’innis a trioblóid dí. Tabhair chugam-sa an gréasán arsa an chailleach agus tar arais seachtmhain ó indiú agus béidh an culaith réidh agam-sa mar a d’órduigh an bhean sidhe duit. Tugadh an gréasán chuicí agus fuair an bhean an chulaith fir réid agus d’fhág sí i dtaisgidh í fa choinne(continues on next page)
- Informant
- Dominic Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Address
- An Bun Beag, Co. Donegal