School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 103
- XML “Scéaltaí Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéaltaí Grinn. (Fíora)Tugadh aiste le sgríobhadh do na páistí ar an sgoil, ar "Cuairt An chigire". (Bhí dhá chigire sa sgol cupla lá róimh ré). Seó mar a thoisigh gasuir amháin ar an aiste. "Thainig beirt fhear isteach go teach na sgoile an lá fa dheireadh agus fear uasal abhí ibhfhear acu agus cigire abhí san fhear eile"!
--------------------
Thainig gasur beag isteach chuig na mháthair lé amháin agus coróin mhuire leis a fuair sé caillte cois na h-abhna. "Amharc a mháthair ar seisean an choroin mhuire a fuair mé shíos ag an abhainn agus níl Dia ar bith air." (Bhí an iomhaigh ar shuibhal de'n chros). "Ca bhfuil Dia do bharamhail"? ar seisean léithe.
Ó níl fhios agam" d'freagair an mháthair nó bhí sí gnoitheach ag deanamh rud eighinteacht eile. Níor labhair an gasur ar feadh tamall maith. Bhí sé na shuidhe agus é ag amharc isteach sa teinidh. Sa(continues on next page)