School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí gabha na chómhnuidhe sa cheantar seo fad ó shoin agus dalta an ghabha seo ta againn anois dheamhan únsa foighide bhí aige act é go garbh rasgánta in a dhóigheana agus ba thruagh an té bheadh in aice leis agus fearg air. Tháing aingeal aige lá amháín acht nior aithin seisean gur aingeal bhí ann na tháing an t-aingeal igcuma agus gcosamhlacht fir. D'iarr sé ar an ghabha trí áthcuigní a tiarraidh agus go bhfuigheadh sé trí cinn ar bith a ba thoil leis. Bhí go maith agus seo na cinn a d'iarr sé. Duine ar bith a shuidhfeadh sa chathaoir bhí aige nach dtiocfadh leis éirighe as go dtógfadh an gabha fheín as é. An dara cean duine ar bith a bheirfeadh greim ar an órd mór bhí aige nach dtiocfadh leis a fógailt na dhiaidh go beirfeadh an gabha fheín uaidh é agus an tríomhadh ceann airgead ar bith a chuirfidh isteach in a sparaí nach dtiocfadh le duine ar bith é thógailt amach acht an gabha fhéin. Níor iarr an gabha bocht athcuinge ar bith do na ansan (?) agus bhí a shliocht air ní raibh(continues on next page)