School: Luinneach (roll number 13958)
- Location:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí madadh ruadh agus gabhar ag siubhal thart lá amháin agus bhí sé iongantach te. Bhí tart ortha agus dubhairt an madadh ruadh leis an ghabhar go siubhalfadh siad leo go bhfeicfeadh siad an bhfuigheadh siad uisge ar bith. Shiubhal siad leo go dtáinig siad go dtí thobar uisge a bhí thios faoi an talamh. Chuaidh siad síos agus d'ól siad a sáit.
Nuair a bhí a sáit ólta aca d'amharc siad suas agus bhí sé iongantach árd agus ní rabh fhios aca caidé a dhéanfadh siad. Smaointigh an madadh ruadh go rachadh seisean suas ar dhruim an ghabhair agus d'iarr sé ar ghabhar a dhá chois achur suas ar an bhalla agus go rachadh seisean suas ar a dhruim. Rinne an gabhar mar h-iarradh air.
Chuir sé a dhá chos suas ar a dhruim. Dubhairt an madadh ruadh leis an ghabhar go bhfuighadh sé greim dhá adharc air agus go dtabharfadh sé aníos é. Nuair a chuaidh an madadh ruadh amach shuas ar bharr, shiubhal sé leis thart agus nuair a b'fhada leis an ghabhar nach rabh sé ag dul a thabhairt suas, chuir sé ceist air nach rabh sé ag dul a sheasamh do na ghealltanas. A amadáin bocht arsa an madadh ruadh dá mbéadh oiread céille agat agus tá de fhéasóg ort ní bhéadh tú thíos annsin anois.- Collector
- Sadhbha Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Address
- Srath na Bruaí, Co. Donegal
- Informant
- Nuala Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Age
- 76
- Address
- Srath na Bruaí, Co. Donegal