School: Luinneach (roll number 13958)
- Location:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal an fear a rabh duill aige ann snaoisín.Bhí fear ann amháin agus bhí duill mhór aige ann snaoisín. D’imthigh chun an t-siopa agus ní rabh snaoisín (ar bith) ann ní rabh snaoisín ar bith le fagáil áit ar bith.
B’éigeann do imeacht go Leitirceanaill agus ní rabh snaoisín ar bith annsin agus b’éigean do imeacht go Doire. Fuair sé annsin an snaoisín.
Tháinig sé na bhaile chonnaic sé fear liagh agus é ionghantach sean na shuidhe ag taobh an bhealaidh mhór. Leabhair sé leis agus leabhair seisean leis.
Chuir sé ceist air cé áit a rabh sé (áit) agus d’innis sé dó gur siubal sé cuid mhór áit agus na bhfuair sé snaoisín.
Thug seanduine liagh seo bocsa do agus dubhairt sé na tabhair an bocsa seo do dhuine ar bith agus an clár druide air agus béidh an bocsa lán i gcomhnuidhe.
Bliadhain na diaidh sin tháinig fear isteach agus d’iarr snaoisín thug an fear an bocsa dó agus an clár druide agus ní rabh snaoisín ar bith aige ach sin amach.- Collector
- Bríghid Ní Cholla
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- An Charraig, Co. Donegal
- Informant
- Seosamh Ó Colla
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- An Charraig, Co. Donegal