Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 112
- XML “Urnaí”
- XML “Urnaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)pheacaidh go h-uile tríd luaigheacht do pháise, go dtabharfaidh tú grásta damh le dul ar aghaidh in do sheirbhis go dtí deireadh mo shaoghail, agus go mbéidh mé ag feuchaint ort-féin, aghaidh ar aghaidh le do ghrádhadh agus a mholadh le saoghal na saoghal i ríoghacht flaitheamhnais.
Ó a Dhia de bhrugh go bhfuil tú maith agus geanamhail as cuimse, grádhuighim tú le mo chroidhe go h iomlám os cionn gach uile nidh, agus grádhuighim mo chomarsa mar mé féin.
Dá mbiodh mo mían agam badh é mó mhían an saoghal mór a ghrádhuighadh mar is airidhe ort. Ó, Dhia, goidé tá agam le toirbhirt duit? Tairgim suas mo chroidhe agus mo anam duit, m'urnuighe agus grádh mo chroidhe go h-iomlán. Amén, Íosa. - UrnaigheÍosa ró-naomhtha m'fhuasgailteóir agus mo shlánuightheóir, ofrailim suas dó do mhordhacht naomhtha an urnaighe thrócaireach seo. Ofrailim suas í i gcuimhne gcúig chréachtha mo shlánuightheora, i gcuimhne a chuid fola agus feola fíor-uasal a strócadh le sgiúrsal,
Ofrailim suas í i n-onóir do'n ioncholnughadh a mbroinn gheanamhail na Maighdeana glóramhail(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Canónach Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann