School: Gort an Choirce
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easboic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 113
- XML “Urnaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Muire, a mháthair, do naomh Iósamh, m'aingheal coimheadach, mo Phatrún Naomhtha atá ar m'ainm, na naoimh atá faoí bhéasaí agus collmhain na hEaglaise.
Guidhim naoimh agus aingle Párrthais go h uile a bheith umhal le eadarghuidhe a dheanamh ar mo shon, le fághail damh, agus do gach uile dhuine a bhfuil fiachadh orm a bheith guidhe ar a shon,
beatha naomhtha na ngrása déagh-mhilis do á n-anamnaibh, le bás fhághail faoí daingeanacht naomh-sacramuint na hEaglaise, an naomh eaglais Chaitliocach Rómanach, mar a ndúil go bhfuigeadh sinn spiorad na humhlaidheachta, grádh iomlán, tuirse fírinneach in ar bpeacaidh, faoistean ghlan, gráin ar an uile olc, agus go speisealta mór-ghrádh ar Dhia. Amen.
Ofrailim suas í faoí ghré oighreacht, ár naomh-mhathair, an Eaglais-séalughadh ríoghachta, sguirbhis na h-eirieighe, comh-cheangal carthannadh na mbuaidheanta Catoiliceach, leasughadh na bpeacach, buaidh-sheasamh na bfíreun-do gach aon a bhfuil in iar-choimhead báis, agus le suaimhneas siorruidhe a thabhairt do na h-ainmnaibh bochta a bpurgatóir. Amen, ÍosaSeo dhá urnaighe a fuarthas ó sean-bhean i gCloich- Cheann Faolaidh. Fuair mise iad uadh an Chanónach ró urramach mac Pháidin S.P tá 35 bliadhna ó shoin.- Informant
- Canónach Mac Pháidín
- Gender
- Male