School: Gort an Choirce
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easboic
![The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 12](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1070%2FCBES_1070_12.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 12
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 12
- XML “Gadaí Dubh Ó Dubhagain”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dorais seo, agus d'imthigh sí agus d'innis dó'n Rígh e. Bhí athair an ghadaidh ag obair ag an Rígh agus chuir sé sgeula fa dhéin an athara. Dubhairt se leis gur chuala sé goidé an obair a bhí ag a mhac agus go raibh se ag gabhail a chur fiachailt air, go gcaithfeadh se an stail a bhí ins an stábla a thabhairt leis gan fhios dó'n bheirt fhear a bhí 'a choimhead. D'innis an t-athair seo dó mhac nuair a chuaidh sé na bhaile, "Ó, níl moill sin a dheanamh" ars'a mac. D'imthigh sé go dtí an áit agus luigh sé ar an charn-aoiligh agus leig air féin go raibh se ar meisge. Bhi buideal uisge bheatha i na phóca, tharraing amach é agus chuir i gcéill go raibh se 'á ól. Thuit sé 'na chodladh annsin mar bhfior dó. Bhí an bheirt a bhí 'sa stábla ghá choimead agus dubhairt gur chóir doibh a gabháil agus an buideal a baint de. Chuaidh agus fuair siad an buideal. agus thug leo isteach na stábla é. D'ól siad a sáith agus nuair a bhí an buideal ólta aca thuit siad thart 'na gcodladh.
Nuair a mheas an gadaidh iad a bheith cragtha thart ag an bhuideal, d'éirigh sé agus isteach na stábla leis agus thug leis an stail. Nuair a mhusgail an bheirt idir sin agus maidin ní raibh stail ar bith le feiceáil aca ins an stábla.
Ar a ghabhail dó'n áthair chuig a chuid oibre(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Earcain
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Address
- An Fál Carrach, Co. Donegal