School: Gort an Choirce
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easboic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 122
- XML “Tobar na bhFaithní”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a ofrail, na faithní a nighe leis an uisge, comhartha na croiche a dheánamh trí huaire ar na faithní agus nuair atá an turas criochnuighthe, bréid dá chuid eadaigh a chasadh ar ghéig de thor na ndreasóg.
Nil urnaighe speisialta ar bith leagtha amach,
Cumaltar an tuisge dó'n fhaithne. Ní óltar nó ní thógtar ar shiubhal an tuisge nó ní dheantar úsaid ar bith eile de ach oiread.
Is tobar cloiche atá ann agus tá dhá log 'sa chloich. Deir béaloideas na háite gur lorg dhá ghluin atá inntí. Nuair a bhí an tóir indiaidh Naomh Beigbhile chuaidh sé ar a ghlúnaibh annseo a ghuidhe agus fágadh an lorg ins an chloich.
Tá rud iongantach a baint le lorg aca nach bhfuil leis an cheann eile. Bíonn uisge i gceann aca geimhreadh agus samhradh, agus ní bhíonn deor ins an cheann eile. Níl fuarán i gcomhgar an tobair agus dá mbíodh ní béadh bealach ar an uisge sileadh frid an chloich.
Nuair a bhí an fear ar leis an talamh ag treabhadh, bliadhain amháin thóg sé an chloch agus dfág ar chloidhe í, ach ar maidín lá an na mbárach, bhí sí 'na háit féin arís.Ó pháistí na scoile afuarthas seo thuas.