Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 122](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1070%2FCBES_1070_122.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 122
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 122
- XML “Tobar na bhFaithní”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a ofrail, na faithní a nighe leis an uisge, comhartha na croiche a dheánamh trí huaire ar na faithní agus nuair atá an turas criochnuighthe, bréid dá chuid eadaigh a chasadh ar ghéig de thor na ndreasóg.
Nil urnaighe speisialta ar bith leagtha amach,
Cumaltar an tuisge dó'n fhaithne. Ní óltar nó ní thógtar ar shiubhal an tuisge nó ní dheantar úsaid ar bith eile de ach oiread.
Is tobar cloiche atá ann agus tá dhá log 'sa chloich. Deir béaloideas na háite gur lorg dhá ghluin atá inntí. Nuair a bhí an tóir indiaidh Naomh Beigbhile chuaidh sé ar a ghlúnaibh annseo a ghuidhe agus fágadh an lorg ins an chloich.
Tá rud iongantach a baint le lorg aca nach bhfuil leis an cheann eile. Bíonn uisge i gceann aca geimhreadh agus samhradh, agus ní bhíonn deor ins an cheann eile. Níl fuarán i gcomhgar an tobair agus dá mbíodh ní béadh bealach ar an uisge sileadh frid an chloich.
Nuair a bhí an fear ar leis an talamh ag treabhadh, bliadhain amháin thóg sé an chloch agus dfág ar chloidhe í, ach ar maidín lá an na mbárach, bhí sí 'na háit féin arís.Ó pháistí na scoile afuarthas seo thuas.