School: Caiseal na gCor (roll number 3294)
- Location:
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Teacher: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal na gCor
- XML Page 276
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear bocht agus a bhean n-a gcomhnuidhe comhgarach de choill mhóir. Ní rabh de chloinn acu acht geirrseach bheag amhain trí bliadhna de aois.”
(continued from previous page)sise leithe fhéin, " Níl aon duine ag amharc agus thig liom an glas a bhainnt de agus amharc isteach. Le sin rug sí ar an eochair mhóir chur sa ghlas í agus d'fosgail an doras mar bhéadh splannc shoillsighe ann. Chonnaic sí trí h-aingle na suidhe ar chathaoireacha rioghdha agus loinnreadh mór soluis thart ortha. D'fan an gheirrseach tamall beag na seasamh ag an dorús agus i ar crith le síor-athais. Annsin chuir sí a méur sa t-solus mhór agus nuair a tharraing sí arais í bhí sí cumhduighthe le h-ór. Thainig eugla annsin uirthí agus dhruid sí an dorus go gásta agus ar shiubhal léithe. Nigh sí a meúr mar go rabh cumhdach de'n ór uilig ar a meúr, ach ní rabh maith ann. Shuidh sí síos annsin agus chaoin sí na cuilideacha, ach nuair nach(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Dubhthaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Donegal
- Informant
- Máire Ní Sidheaill
- Gender
- Female
- Address
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Donegal