School: Cnoc na Naomh
- Location:
- Cnoc na Naomh, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc na Naomh
- XML Page 29
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal (continued)
“Bhí lánamhain ann in am amháin rí as an domhan toir agus banrioghain as an domhan thiar. Bhí triúr ingheanach aca.”
(continued from previous page)le teinidh agus seacht míle de dhealgnaibh nimhe agus trí buildeógaí na leig aon duine tharsta gan a ithe. Acht deánfaidh mise mó dhicheall leat.Deánfaidh mise culaith iarainn duit a bhéirfeas trasna na seacht míle dé shliabh le teinidh agus na seacht míle dé dheagnaibh nimhe"."bhal" arsa bean an gabh "deanfaidh mise trí tuirtíní móra agus ceann beag duit agus thig leat ceann aca a chaitheamh ag gach ceann dé na buildeógaí agus annsin caith an tuirtín beag ag an cheud ceann a leanfhas tú"
Rinne sí mar a h-iarradh uirthí agus fuair sí trasna sábhailte. Nuair a thainig sí go teach an tairbhean cuireadh fáilte romhaithe, Bhí snáth giobach crochta ar an bhálla agus chuir sí suas ar an chrann tothartáin é, Nuair a bhain sí anuas é bhí sé na snáth deás mín." Caidé a bhainfeá damh ar an tsiód sin" arsa bean an toighe." Tá " arsa sise "oidhche a fhághail mó luighe ag an tarbhán donn" "Gheobhaidh tú sin" arsa bean an toighe.Nuair a chuaidh sí a luighe aige thoisigh sí agus d'innis sí dó gurbh ise a cheud bhean a bhí aige agus maidín amháin gur imthigh sé uaithe. Mhothuigh bean toighe caidé a bhí sí a radh agus d'éirigh sí go luath ar maidin. Bheir sí greim ar dá chos na mna a bhí 'na luighe ag an tarbhán donn agus bhí sí a bráth í a tharraingt amach le sin léim an tarbh aniar agus dubhairt sé "leig díthe is mó(continues on next page)- Collector
- Aodh Mac Gabhna
- Gender
- Male
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
- Informant
- Bríghid Bean Mhic Eachmharcaigh
- Gender
- Female
- Address
- Caoldroim Uachtarach, Co. Donegal