School: Cnoc na Naomh
- Location:
- Cnoc na Naomh, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc na Naomh
- XML Page 28
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal (continued)
“Bhí lánamhain ann in am amháin rí as an domhan toir agus banrioghain as an domhan thiar. Bhí triúr ingheanach aca.”
(continued from previous page)agus nach ndeánfadh sé dothar a choidhche dithe Rinne sí mar d'iarr sé uirthí.
An tríomhadh lá bhí sí tuirseach. Nior casadh an t-éan uirthí an oidhche seo. Chuaidh sí fhad la teach gabha agus d'imthigh sí ináirde ar chrann Thíos faoí an chrann bhí tobar agus siocar go rabh an oidhche geal bhí a sgáile le feiceal ann. Chuaidh bean an ghabha amach fá dhéin uisge ach nuair a chonnaic sí an sgáile ins an tobarshíl sí gur a sgáile féin a bhí ann agus dubhairt sí "Caidé a bhéinn-se a dheánamh ag an ghabh bhuidhe seo agus mé fhein comh deas dóigheamhail agus tá mé. D'imthigh sí ar shiubhal agus nuair a b'fháda leisean a bhí sí gan teacht isteach chuaidh sé fhéin fá dhéin an uisge.D'amharc sé suas san chrann agus dubhairt sé "Is tusa a chuir ar shiubhal mó bhean-sa agus annois go isteach agus deán an brachan."Chuaidh sí isteach agus rinne sí cailín toighe dó go dtainig a bhean fhein airist. Lá amháin dubhairt sí " Caidé is ciall leis an chaoineadh seo a cluinim gach Satharn."
"Tá" arsa an gabh. "Sin trí cailíní atá an tarbhán donn a chur 'un báis gach Satharn siocar nach dtig leo a léinídh a nighe agus an fhuil a bhainnt aistí." "Tá mé fein ag imtheacht go níghfidh mé dó í" arsa sise."O" arsa an gabh "Ní thóg leat a dhul. Tá seacht míle dé shliabh le(continues on next page)- Collector
- Aodh Mac Gabhna
- Gender
- Male
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
- Informant
- Bríghid Bean Mhic Eachmharcaigh
- Gender
- Female
- Address
- Caoldroim Uachtarach, Co. Donegal