Scoil: Cnoc na Naomh
- Suíomh:
- Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Naomh
- XML Leathanach 29
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal (ar lean)
“Bhí lánamhain ann in am amháin rí as an domhan toir agus banrioghain as an domhan thiar. Bhí triúr ingheanach aca.”
(ar lean ón leathanach roimhe)le teinidh agus seacht míle de dhealgnaibh nimhe agus trí buildeógaí na leig aon duine tharsta gan a ithe. Acht deánfaidh mise mó dhicheall leat.Deánfaidh mise culaith iarainn duit a bhéirfeas trasna na seacht míle dé shliabh le teinidh agus na seacht míle dé dheagnaibh nimhe"."bhal" arsa bean an gabh "deanfaidh mise trí tuirtíní móra agus ceann beag duit agus thig leat ceann aca a chaitheamh ag gach ceann dé na buildeógaí agus annsin caith an tuirtín beag ag an cheud ceann a leanfhas tú"
Rinne sí mar a h-iarradh uirthí agus fuair sí trasna sábhailte. Nuair a thainig sí go teach an tairbhean cuireadh fáilte romhaithe, Bhí snáth giobach crochta ar an bhálla agus chuir sí suas ar an chrann tothartáin é, Nuair a bhain sí anuas é bhí sé na snáth deás mín." Caidé a bhainfeá damh ar an tsiód sin" arsa bean an toighe." Tá " arsa sise "oidhche a fhághail mó luighe ag an tarbhán donn" "Gheobhaidh tú sin" arsa bean an toighe.Nuair a chuaidh sí a luighe aige thoisigh sí agus d'innis sí dó gurbh ise a cheud bhean a bhí aige agus maidín amháin gur imthigh sé uaithe. Mhothuigh bean toighe caidé a bhí sí a radh agus d'éirigh sí go luath ar maidin. Bheir sí greim ar dá chos na mna a bhí 'na luighe ag an tarbhán donn agus bhí sí a bráth í a tharraingt amach le sin léim an tarbh aniar agus dubhairt sé "leig díthe is mó(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Aodh Mac Gabhna
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Bríghid Bean Mhic Eachmharcaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caoldroim Uachtarach, Co. Dhún na nGall