School: Cnoc na Naomh
- Location:
- Cnoc na Naomh, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc na Naomh
- XML Page 41
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí beirt fhear ann fad ó shoin darbh ainm "Domhnall Beag" agus "Domhnall Mór". Bhí cuid mhór eallaigh ag Domhnall Mór agus ní rabh ag Domhnall Beag acht bó amháin.”
Sgéal
Bhí beirt fhear ann fad ó shoin darbh ainm "Domhnall Beag" agus "Domhnall Mór". Bhí cuid mhór eallaigh ag Domhnall Mór, agus ní rabh ag Domhnall beag acht bó amháin. Lá amháin mharbhuigh Domhnall beag an bhó agus bhain sé an chroiceann díthe. Dhíol sé an fheoil agus fuair sé luach maith uirthi. Annsin fuair sé nimh agus chuir se ar an chroiceann é. Chuir sé an croiceann ar an chlaidhe ag taoibh an toighe agus tháinig cuid mhór de éanacha deasa agus thoisigh siad a phiocadh an chroicinn agus fuair siad uilig bás. Thug Domhnall beag leis na h-éanntha 'un aonaigh agus fuair sé luach throm ortha. Tháinig Domhnall beag 'na bhaile agus nuair a tháinig Domhnall mór an mhéid airgid a bhí ag Domhnall beag, chuir sé ceist ar Dhomhnall beag cá h-áit a bhfuair sé an t-airgid. Dubhairt Domhnall beag gur mharbhuigh sé an bhó, agus gur dhíol sé an fheoil. Annsin mharbhuigh Domhnall mór a chuid eallaigh uilig agus ní bhfuair sé acht cupla punnta ortha. Bhí Domhnall mór ar daoraibh agus bhí sé ag gabhail a marbhughadh Domhnall beag an oidhche sin. Ba mhaith an mhaise do Dhomhnall beag é(continues on next page)