Scoil: Cnoc na Naomh
- Suíomh:
- Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Naomh
- XML Leathanach 41
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí beirt fhear ann fad ó shoin darbh ainm "Domhnall Beag" agus "Domhnall Mór". Bhí cuid mhór eallaigh ag Domhnall Mór agus ní rabh ag Domhnall Beag acht bó amháin.”
Sgéal
Bhí beirt fhear ann fad ó shoin darbh ainm "Domhnall Beag" agus "Domhnall Mór". Bhí cuid mhór eallaigh ag Domhnall Mór, agus ní rabh ag Domhnall beag acht bó amháin. Lá amháin mharbhuigh Domhnall beag an bhó agus bhain sé an chroiceann díthe. Dhíol sé an fheoil agus fuair sé luach maith uirthi. Annsin fuair sé nimh agus chuir se ar an chroiceann é. Chuir sé an croiceann ar an chlaidhe ag taoibh an toighe agus tháinig cuid mhór de éanacha deasa agus thoisigh siad a phiocadh an chroicinn agus fuair siad uilig bás. Thug Domhnall beag leis na h-éanntha 'un aonaigh agus fuair sé luach throm ortha. Tháinig Domhnall beag 'na bhaile agus nuair a tháinig Domhnall mór an mhéid airgid a bhí ag Domhnall beag, chuir sé ceist ar Dhomhnall beag cá h-áit a bhfuair sé an t-airgid. Dubhairt Domhnall beag gur mharbhuigh sé an bhó, agus gur dhíol sé an fheoil. Annsin mharbhuigh Domhnall mór a chuid eallaigh uilig agus ní bhfuair sé acht cupla punnta ortha. Bhí Domhnall mór ar daoraibh agus bhí sé ag gabhail a marbhughadh Domhnall beag an oidhche sin. Ba mhaith an mhaise do Dhomhnall beag é(leanann ar an chéad leathanach eile)