School: Caiseal na gCorr
- Location:
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Teacher: Donnchadh Mac Giolla Chearr
![The Schools’ Collection, Volume 1072, Page 178](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1072%2FCBES_1072_178.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1072, Page 178
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal na gCorr
- XML Page 178
- XML “Paidreacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Umlaig don chroich agus na cuig féilte Muire
Déan d'fhaoisidian le mac Dé, agus béidh tú ar fhéasta ag crois na n-Aingeal.
Bhí Muire agus a Mac ag siubhal amuigh sa ló.
Casadh ortha Siomon pearsa beannuighthe as an Róimh.
Shín sí do as a leis laimh
Sgaball breagh na brainnse óir
Níl aon duine a chaitheas mó abaid bheannuighthe agus a chaitheas mar is cóir
nach mbéidh séala agam ar a anam ins an ghlóir
Ó a maighdean na gile agus a mhaighdean na glóir[?]
is leat gnidhim mó casaid maidin a's tráthnona.
Mó chuir ar an eolas go pobal na n-aithrighthe
An áit a siltear na déora.
A Mhaighdean mhiorbhail fhóghantach
Is tú líon mó stór a's mó charaid
Is tú an realt sholuis a bhidheas ag dul romham
Ins an bhealach agus ag cur an tóir ar mó pheacaidh.
Bhí an urnaighe seo sgriobhta ag mó athair agus ba í Eibhlin Ní Dhubhthaigh a thug do-san é.Ó a Thighearna túsuighim agus d'ionnsuighim ar an urnaighe seo in d'onoir, " A mhic Dé mar(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Donegal