Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCorr
- XML Leathanach 178
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Umlaig don chroich agus na cuig féilte Muire
Déan d'fhaoisidian le mac Dé, agus béidh tú ar fhéasta ag crois na n-Aingeal.
Bhí Muire agus a Mac ag siubhal amuigh sa ló.
Casadh ortha Siomon pearsa beannuighthe as an Róimh.
Shín sí do as a leis laimh
Sgaball breagh na brainnse óir
Níl aon duine a chaitheas mó abaid bheannuighthe agus a chaitheas mar is cóir
nach mbéidh séala agam ar a anam ins an ghlóir
Ó a maighdean na gile agus a mhaighdean na glóir[?]
is leat gnidhim mó casaid maidin a's tráthnona.
Mó chuir ar an eolas go pobal na n-aithrighthe
An áit a siltear na déora.
A Mhaighdean mhiorbhail fhóghantach
Is tú líon mó stór a's mó charaid
Is tú an realt sholuis a bhidheas ag dul romham
Ins an bhealach agus ag cur an tóir ar mó pheacaidh.
Bhí an urnaighe seo sgriobhta ag mó athair agus ba í Eibhlin Ní Dhubhthaigh a thug do-san é.Ó a Thighearna túsuighim agus d'ionnsuighim ar an urnaighe seo in d'onoir, " A mhic Dé mar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Dhún na nGall