School: Mín na Croise
- Location:
- Mín na Croise, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Choileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Croise
- XML Page 250
- XML “An Gadaí Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ach maidin amháin nuair a chuaidh mé ‘na phortaigh ní rabh fód le fághail. Chuaidh mé ‘na phortaigh annsin agus bhain móin sheacht mbliadhain ach ar a ghabhail a g’ amharch damh maidin lathar na bárach agus bhí deireadh goidthe. Chuaidh mé ‘na phortaigh annsin agus bhain mé móin naoi mbliadhain agus shuidh mé go maidin a choimhead. Le teachta an lae chonnaic mé an tulairt ag tárraingt [orni]? ach cé bhí ann ach na trí Chailligh ba iargcúlta a chonnaic mé ariamh. Bhí na fiacla toisigh mar bhéadh stafóg in obar, águs bhí na trí cleíbh obí leobhtha comh mór ‘s go bféadfaidhe móin sheacht mbliadhain a iomchur ann ach ceann aca. Nuair a tháinig siad leis an móin, níor fhág siad fód amháin n-a ndiaidh. D’imthigh siad suas a’ cnuic agus lean mise iad. Chuaidh siad sios in uaigh mór ar taobh an chnuic agus chuir siad síos craorach mór teineadh a rabh deireadh na mónadh air, agus chuir siad coire mór uisge ar an teine agus shuidh siad síos ag cathadh. Nuair a chonnaic mise seo fuair mé cloch mór, leig mé isteach sa coire é agus briseadh an coire ‘n-a smulgar, agus scalladh an triúr aca.
Theith mé fhéin le m-anam ach budh goirid go rabh an triúr mo diaidh.(continues on next page)- Informant
- Pádruig Mac g Ceannfaele
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Gleann Cholm Cille, Co. Donegal