School: An tSraith

Location:
An tSraith, Co. Mayo
Teacher:
Seán Ó Catháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 626

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 626

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An tSraith
  2. XML Page 626
  3. XML “Cluichí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    DALLÓG
    Cuireann duine píosa éadaigh ar a shúilibh agus téigheann na daoine eile I bhfolach. An té go bhfuil an t-éadach air tosuigheann sé ag iarraidh breith ar duine eile. Nuair a bheireann sé greim air is éigin dó a ainm a ghlaodhach amach agus má bhfuil an cheart aige cuirtear an t-éadach ar an duine sin agus muna bhfuil an duine ceart aige leigtear saor é agus leanann an sport mar sin. Tugtar dallóg air.
    PÁRDÓGA ASAIL
    Seo cluiche a n-imirtear ins an dúthaigh seo. Luigheann duine ar an urlár. Cuireann beirt eile a gcosa treasna agus beireann an bheirt greim ar cosaibh a chéile. Éirigheann an duine atá in a luighe má's féidir leis acht bíonn an bheirt ag iarraidh é a choimeád thíos.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Mhuilligh
    Gender
    Female
    Address
    An tSraith, Co. Mayo
    Informant
    Aibhistín O Gáchain
    Gender
    Male
    Address
    An tSraith, Co. Mayo