School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 189

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 189

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 189
  3. XML “Na Daoine Gortacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus chugar sé, "An bhfuil sí bligte agat go fóil?"
    Shaoil an bhean gurbh e a fear feín a bhí ann, agus dubhairt sí, "béidh ar ball."
    "Dean deifir" ars' an fear ag an dorais, agus rinne sí a diceall. Tháinic sí annsin agus shín sí an pandaí dó agus d'ól se achan braon a bhí ann agus thug se an pandaí duithe arais. Isteach san teach leis arais comh gasta agus thiocfadh leis agus nuair a tháinic an bhean isteach bhí sé na luighe ag scrainnfigh san coirneál. Shuidh féar a thoighe suas ins an leabaidh, agus arsa seisean leis an mhnaoi,
    "Ca bfuil an bhainne?" "Cá bfuil an bhainne go dearfa?" ars'an bhean, "nar ól tú e ag doras an bhoithigh ta bomaite ó shion!"
    "Níor ól leóga," ars'an fear, "Sé an rógaire ins an coirneeal a rinne e tá mé cinnte, agus díolfaidh sé go gearr ar a shon sul a fhagann sé an teach. Tabhair damh deoch uisge féin, na bheidh me mo stuicaigh roimh an mhaidin. Fuair an bhean cupa uisge fa na choinne agus d'ól se e, agus bhí ac'an rud ciuin go ceann tamaill, annsin. Annsin thoisigh an cogarail ins a leabaidh arais. Chuir an fear ins an coirneál cluas ar fhein, agus chualaidh sé an fear ag cur ceist ar an mhnaoi, cá h-áit a rabh an t-órd.
    "Tá se shíos i gcúl an dorais" ars' an bhean, "agus caidé tá a dhíoghbhail ort le hórd ag an am seo den oidhche?"
    "Le múnadh a chur ar an óganach san choirneal," ars' an fear.
    Ar a chloinsteal seo, d'éirigh m'óganach ar a chosaibh agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1544: The Man who Got a Night's Lodging
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Domhnall Ua Ghallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    c. 75
    Address
    Doire Fada, Co. Donegal