School: Druim na Rath (roll number 12428)
- Location:
- Droim na Rátha, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Dhúrnáin
![The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 188](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1076%2FCBES_1076_188.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 188
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Druim na Rath
- XML Page 188
- XML “Na Daoine Gortacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)do an talamh. Rinne fear acu claidhe ar a' bheallach seo " - ag an am ceadna ag deanamh stríoc ins an luaithe agus trasna an tuirtín, - " agus fear eile claidhe ar a ' beallach seo, " agus nior stad sé go dearna sé, sé stríoch deag ins an luaithe, agus gur chuir sé an tuirtín fighte, faighte fríd an luaithe agus nach rabh giota amháin de'n tuirtín faghtha.B'eigean do'n bhean a dhul a luighe arais, agus i gcionn an ama sin bhí an fear ins an leabaidh corr a bheith marbh leis an fhéar-ghortach. Luigh an fear cliste san coirneál arais agus leig sé air-fhein go rabh sé na chodladh agus thoisigh sé ag scrainnfigh. Dubhairt fear a' toighe ni béadh sé ábalta an t-ocras a fhuilstint níos faide no go mbeadh sé marbh ar mhaidin.
"Bhal," ars' an bhean níl gréim bidh reidh ins an tig. Tá an bracan uilig ithte agus níl a dhath a mhaith ionnam ag deanamh iarraidh aran a deanam, tá an teine marbh anois."
"Gabh amach an bhoitheach agus bligh an bhó go gheobhas me deoc bhainne fhéin," ars' an fear.B'eigean don mhnaoi bhocht éirigh arais. Chuir se seál mór a bhí aici thart fa dtaobh duithe agus bróga a fhear na laimh leití go rabh sí taobh amuíg de'n dhoras. Shaoil sí nach bhfaca duine ar bith i. Acht bhí an ógnac ins an coirneál ag amharc agus ag eisteacht rith an ama, agus nuair a bhí an bhean cupla bomaite amach d'éirigh sé agus amach leis fosta agus an plainncead thart fa dtaobh do. Chuir sé a cheann isteach ar dhoras an bhoitigh(continues on next page)- Collector
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Domhnall Ua Ghallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- c. 75
- Address
- Doire Fada, Co. Donegal