School: Doire Chasáin (roll number 15239)
- Location:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Teacher: Tomás Mac Fhionghaile
![The Schools’ Collection, Volume 1079, Page 67](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1079%2FCBES_1079_67.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1079, Page 67
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Lá amháin eile nuair a bhí Ridirí na Craobhruaidhe amuigh ag siubhal d’imthigh Cúchulainn leis ar bhealach do fhéin. Shiubhail sé leis ar feadh seachtmhaine agus bhí sé iongantach tuirseach agus shuidh sé síos a dhéanamh a sgithiste. Ní rabh sé i bhfad annsin go dtainig cailín óg thart, agus chuir sí Cúchulainn faoi gheasa le bád sidhe a chaill sí a fhághail roimhe seachtmhain.
D’imthigh Cúchulainn leis agus é iongantach brónach agus tuirseach agus nuair a thainig sé fhad le sruchán, d’ól sé braon dé’n uisge agus thuit sé ina chodladh agus ar maidín bhí siocán trom ar an talamh nuair a mhusgail Cúchulainn agus nuair a thug sé iarraidh siubhal, ní rabh sé ábalta mar bhí sé iongantach créapalta.(continues on next page)- Collector
- Gráinne Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Informant
- Séamus Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 86
- Address
- Doire Chasáin, Co. Donegal