School: Doire Chasáin (roll number 15239)
- Location:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Teacher: Tomás Mac Fhionghaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Chasáin
- XML Page 69
- XML “Seanscéal - Oisín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus tharraing indiaidh an bheithigh é.
Bhí an madadh ag rith indiaidh an bheathach agus nuair a bhéadh sí ag gabhail a dheánamh a sgithiste gheobhadh an madadh greim ar sál an bheithigh agus chuirfeadh sin an bheathach na rith i bhfad níos tapaidh. Sa deireadh d’éirigh an madadh tuirseach agus ba mhaith leis a sgíthiste a dhéanamh. Thainic Oisín anuas dé’n chapall agus shuidh sí ar bhruach a bhann a bhí ag na dtaoibh, leig sí do’n chapall a bheith ag innilt ar an fhéar bhréag a bhí ag fás annsin agus leig sí díthe droch a ól fósta.
Sa deireadh thuit Oisín na chodladh agus bhí an bhéathach ag innilt annsin agus nuair a tháinic sí fhad leis an mhadadh thóg sí a cos agus bhuail sí an madadh isteach sa’n chroidhe agus nuair a rinne sé sin leig an madadh glaim as. Fuair Oisín an oiread sin de sgannradh gur léim sí na shuidhe agus chonnaic sí bean na seasamh ag na thaoibh agus d’fhiafruigh sí díthe caidé an rud a rinne an bhéic agus dubhairt sí gur shise a bhí ag tabhairt léithe an mhadaidh ar(continues on next page)