School: An Gleann (roll number 14277)
- Location:
- Glen, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean Sgéal. Fear na Rosaibh agus na Sidheogaí.Bhí fear in a chomhnuidhe i bhfad ó shóin ins na Rosaibh i dTírchonaill. Ní rabh a’n duine beo aige ach a mháthair. Ní rabh de mhaoin shaoghalta aige ach bó agus béach. Muna rabh féin bhí suaimhneas maith intinne aige.
Oidhche amháin Shamhraidh bhí sé amuigh ag cuartughadh an bheithigh. Chualaidh se cainnt in aice leis. Seo an chainnt a chualaidh sé “Béach damhsa” “béach damhsa” “beach damhsa”. Nuair a chualaidh seisean seo dubhairt sé na focla céadna. Ní luaithe bhí siad raidhte aige na bhí sé ag marcuidheacht ar bheach, a’s as go bráthach leis a’s na sidheogai in a chuideachta.
Thárla sé go dtáinig siad go teach in a rabh cuideachta bainféise ann, nuair a bhí siad tamall ag siubhal. Thuirling siad dé na béithigh agus d’iarr na sidheógaí ar an fhear ghul isteach agus cúrsa damhsa a thabhairt dó’n mhnaoi óig a pósadh. Rinne an fear amaideach mar h-iarradh air. Ní luaithe a thoisigh sé a dhamhsa léithe i lár an urláir na thuit sí marbh ag na chosa. Thoisigh an trioblóid annsin agus tháinig eagla mhór ar an fhear. Chuaidh sé amach airis. Bhí na sidheógaí rúdh le bheith i gcionn siubhail agus bhí an béach reidh fá na dhéin-san fosta. Dubhairt na sidheógaí go dtiocfadh leis an bhean óg a thabhairt leis ar a(continues on next page)- Collector
- Eithne Ní Cheallaigh
- Gender
- Female
- Address
- Toam, Co. Donegal
- Informant
- Pádraig Ua Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Derriscligh, Co. Donegal