School: An Gleann (roll number 14277)

Location:
Glen, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 133

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 133

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann
  2. XML Page 133
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean-Sceal.
    Bhí fear na chomhnuidhe ar an Gleann Árd uair amháin. Bhí Auinte aige i nDruimichalaidre agus tháinig sí anál chuige oidhche amháin a d’airnéal agus d’fán sí go dtí an naoi a chlog. D’eirge sí annsin le ghul abaile agus bhí eagla uirthi ghul thar an loch, (na tuaighe) agus b’éigin do’n fhear i a fhágail sa bhaile. Nuair a tháinig siad fhad leis an loch tháinig scaifte mór sidheoga ar an bhealach mhór romhpa agus béiléar leo agus tamall beag na dhiaidh sin thainig scaifte eile. Fuair siad greim láimhe ar an bhean agus thoisigh siad i a tharraingt agus fuair sise greim láimhe ar an fhear agus choinnigh sí a lámh go teann. Bhí siad ag siubhail mar sin go dtáinig na sidheoga fhad le abhainn ata i nDruimichalaidre agus d’imthigh siad annsin cia aca ar báitheadh iad no caidé tháinig ortha.
    Shroich siad an baile sabháilte agus bhí eagla ar an fhear ghul abaile annsin. Bhí fear as an Gleann Ard darbh ainm Éoin Mhac Lochlann thall i nDruimichalaidre bhí se na luighe agus b’éigin do éirghe agus ghul abhaile leis an fear seo. Nuair a thainig siad fhad leis an Loch na Tuaighe chruinnigh na sidheoga ar an fear seo arís agus shiubhail Éoin leis abhaile. Chuaidh an fear fríd an cnoc annsin agus thainig sgaiste eile ar ag loch a Ghleann Árd. Thainig sé sios Baile-an-Éasa agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Bhuidhe
    Gender
    Female
    Address
    Glengillagrana High, Co. Donegal
    Informant
    Cáit Bean Uí Bhuidhe
    Gender
    Female
    Age
    73
    Address
    Largantrean, Co. Donegal