School: An Gleann (roll number 14277)
- Location:
- Glen, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 140
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean Sgeal.Bhí fear ann uair amháin darbh’ ainm Sean. Bhí sé na chomhnuidhe le na mhthair. Ní rabh morain ciall aige. Lá amháin chuir a mhathair é go dtí an aonach le bó. Cha dteachaidh sé i bhfad gur casadh fear air. D’fhiafruigh an fear do cia bhféid a bhí a dhithair ar an ghabhar. Dubhairt Sean nach gabhar a bhí ann acht bó mhaith. Dubhairt an fear, “Teidh ar aghaidh agus tcidhfidh tú”. Cha dteachaidh sé i bfhad gur casadh fear eile air. D’fhiafruigh sé do cia bféid a bhí i dhith air ar an ghabar. Dubhairt Sean nach gabhar a bhí ann acht bó mhaith. Dubhairt an fear “Teidh ar aghaidh agus tcidhfidh tú”. Cha dteachaidh sé i bhfad gur casaidh fear eile air. D’fhiafruigh an fear do cia bhféid a bhí i dhith air ar an ghabhair. Dubhairt Sean leis féin, “Caithfidh sé gur gabhar atá ann no deir achan nduine é”. Annsin dubhairt Sean go nglacfadh sé punta ar an ghabhar. Dubhairt an fear go dtabharfhad sé deich sgilling do. Annsin thainig fear eile thart agus sgoilt sé deich sgilling eatorra. Agus ghlac Sean cúig sgilling dheig ar an bhó. Nuair a chuaidh sé na bhaile bhí a mhathair ar mire leis. Dubhairt Sean go mbeadh dioltas aige an dara aonach. Chuaidh sé go dtí an dara aonach. Chuaidh sé isteach go trí theach thabhairne. Agus thug sé cúig sgilling do achan fhear. Dubhairt sé ins na trí tighthe go dtiocfadh sé isteach ar ball agus fear leis agus nuair a bhéadh an cúig sgilling(continues on next page)
- Collector
- Máighréad Haimlet
- Gender
- Female
- Address
- Carnagore, Co. Donegal
- Informant
- Seamús Mac Lochlainn
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 84
- Address
- Carnagore, Co. Donegal